Más rud é go ndearna tú iarraidh ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol chuig údarás poiblí agus go bhfuil tú míshásta leis an mbreith, d’fhéadfadh go mbeadh sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir.
Ionas go mbeidh sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig OCFC, ní mór gur iarr tú athbhreithniú inmheánach ón údarás poiblí cheana féin.
Ní mór duit achomharc a dhéanamh chugainn laistigh de mhí amháin:
Tabhair faoi deara: Measaimid gurb ionann an ‘dáta fála’ agus an chéad lá oibre ar a bhfuarthas doiciméad. Má thagann ríomhphost nó litir isteach tar éis gnáthuaireanta oifige, measaimid gur ar an gcéad lá oibre eile a fuarthas an ríomhphost nó an litir sin.
Más rud é go raibh ceart achomhairc agat agus nach ndearna tú achomharc in am, d’fhéadfadh OCFC glacadh leis an achomharc uait go fóill dá mbeadh sé réasúnach déanamh amhlaidh. Más rud é go raibh imthosca speisialta taobh thiar den mhainneachtain achomharc a dhéanamh in am, d’fhéadfá an méid sin a mhíniú ach ríomhphost a chur chuig info@ocei.ie. Déanfaimid breithniú ar an achomharc déanach uait ansin.
Mura gcomhlíonann tú na ceanglais a bhaineann le hachomharc bailí, is oth linn a rá nach féidir linn glacadh leis an achomharc uait. Sa chás sin, d’fhéadfá an próiseas a atosú ach iarraidh nua ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol a dhéanamh chuig an údarás poiblí. Má roghnaíonn tú déanamh amhlaidh, molaimid duit a mhíniú don údarás poiblí go bhfuil an méid sin á dhéanamh agat chun ceart achomhairc a ghnóthú, más gá.
Má tá tú ag iarraidh achomharc a dhéanamh toisc go ndéanfaí tú a ionchoiriú de bharr nochtadh na faisnéise atá á lorg in iarraidh ó dhuine eile ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, ba cheart duit achomharc a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig info@ocei.ie. Ní féidir leat achomharc den chineál sin a dhéanamh tríd an suíomh Gréasáin.
Déan achomharc