Caibidil 1: An córas RFC in Éirinn

Réamhrá

Tá an córas um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC) bunaithe ar an Treoir 2003/4/ EC maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil. Ghlac an tAontas Eorpach (AE) leis an Treoir d’fhonn éifeacht a thabhairt don chéad chrann taca de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Choimisiún Eacnamaíochta don Eoraip (CEENA), Rannpháirtíocht Phoiblí sa Chinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, ar a dtugtar go coitianta “Coinbhinsiún Aarhus”. Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún ar an 20 Meitheamh 2012, ach bhí an AE ina Pháirtí sa Choinbhinsiún ó mhí Bealtaine 2005.

Is é príomhfhoráil na Treorach ná bunú an chirt rochtana ar fhaisnéis faoin gcomhshaol arna coinneáil ag údaráis phoiblí. Trasuíodh an Treoir chuig dlí na hÉireann faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2011. Tá leagan neamhoifigiúil comhdhlúite de na Rialacháin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) ag http://www.environ.ie/en/AboutUs/AccesstoInformationontheEnvironment/.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil (OCFC) faoi Airteagal 12 de na Rialacháin RFC, agus measadh é freisin a bheith ábhartha i leith oibleagáidí na hÉireann faoin gcrann taca ceartais de Choinbhinsiún Aarhus. Ceapadh mise i mo Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, sa mhéid go sanntar faoi Airteagal 12(2) an post seo ar an duine ag a bhfuil an post mar Choimisinéir Faisnéise faoin Acht um SF. An ról atá agam mar Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, atá sa bhreis ar na róil atá agam mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise, agus neamhspleách ó thaobh dlí de freisin. ná athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a dhéanann údaráis phoiblí ar bhonn achomhairc ó bhaill den phobal nach bhfuil sásta le toradh a n-iarratais rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Tá mo chinntí, ar achomharc dóibh, ina gcinntí críochnaitheacha agus ceangailteacha, ar na páirtithe i gceist, mura ndéantar achomharc breise leis an Ard-Chúirt laistigh de thréimhse dhá mhí ón gcinneadh i gceist.

Cuspóir agus oibleagáidí an chórais RFC

Is é sprioc dheiridh an chórais RFC ná timpeallacht níos fearr a chruthú trí rannpháirtíocht phoiblí níos éifeachtaí i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol. Chuige seo, forchuireann RFC oibleagáidí suntasacha ar údaráis phoiblí, ar oibleagáidí iad a ceapadh chun éascú a dhéanamh ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Tá sé i gceist freisin go mbeadh faisnéis faoin gcomhshaol réasúnta ó thaobh praghais de, ach gan é bheith saor in aisce.

Cuspóirí

Is é cuspóir an chórais RFC mar atá léirithe i Réamhaithris 1 de bhrollach na Treorach ná: “Rochtain mhéadaithe phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus scaipeadh na faisnéise sin ar an bpobal i gcoitinne, cur le feasacht an phobail ar chúrsaí comhshaoil, malartú saor dearcthaí, rannpháirtíocht níos éifeachtaí ón bpobal i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol agus, ar deireadh thiar, comhshaol níos fearr.” Tá cuspóirí na Treorach luaite in Airteagal 1 agus áirítear leagan amach a dhéanamh ar “shocruithe praiticiúla” do chleachtadh an chirt rochtain a fháil agus a chinntiú go bhfuil faisnéis faoin gcomhshaol á chur ar fáil “go forásach agus go scaiptear é ar an bpobal d’fhonn an infhaighteacht is córasaí agus is féidir a bhaint amach.”

Oibleagáidí & Ionchais

Dá réir sin, forchuireann na Rialacháin roinnt dualgas ar leith ar údaráis phoiblí d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Tá sé de dhualgas ar údaráis phoiblí eolas a chur ar fáil don phobal faoina gcearta agus faisnéis agus treoir a sholáthar maidir le cleachtadh na gceart sin. Ní foláir d’údaráis phoiblí go gcaithfidh siad “gach iarracht réasúnta a dhéanamh chun faisnéis faoin gcomhshaol a choinneáil dó ar bhealach atá in-atáirgthe go héasca agus inrochtana le teicneolaíocht faisnéise nó trí aon mhodh leictreonach eile”. Ceanglaíonn na Rialacháin, arna leasú, ar údaráis phoiblí anois “a chinntiú go ndéantar faisnéis faoin gcomhshaol a thiomsú dó, go bhfuil sé chun dáta, beacht agus inchomparáide”. De bhreis air sin, ceanglaítear ar údaráis phoiblí “cláir nó liostaí a choinneáil den fhaisnéis faoin gcomhshaol atá á coinneáil ag an údarás agus oifigeach faisnéise a ainmniú chun na gcríoch sin nó pointe faisnéise a chur ar fáil áit a mbeadh sé le taispeáint go soiléir cá mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil”. Ag teacht le hAirteagal 7(4) den Treoir, ceanglófar ar údarás poiblí, i gcás go mbeadh baol ann do bheatha an duine nó don chomhshaol, a “chinntiú go ndéanfaí an fhaisnéis go léir arna coinneáil ag an údarás agus don údarás, a chuirfeadh ar chumas na mball sin den phobal ar dócha go rachadh sé i bhfeidhm orthu bearta a chur i bhfeidhm chun cosc nó maolú a dhéanamh ar dhochar, a scaipeadh láithreach agus gan mhoill”.

Mar sin, feictear leis an scéim de chóras RFC go ndéanfar an fhaisnéis faoin gcomhshaol arna coinneáil ag údaráis phoiblí nó le haghaidh údarás poiblí a eagrú, a bhainistiú, a chatalógú go córasach agus go mbeadh sé ar a laghad ullamh do scaipeadh gníomhach ar an bpobal. Meastar freisin go gceadófar, tríd is tríd, iarratais ar fhaisnéis faoin gcomhshaol. Cé go leagtar amach sna rialacháin roinnt foras éigeantach agus faoi lánchead le haghaidh diúltaithe, ní féidir diúltú d’iarratais ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, i bhformhór na gcásanna, i gcás go mbaineann an t-iarratas le hastaíochtaí isteach sa chomhshaol. Tá gach iarratas faoi réir bhreithniú leas an phobail faoi Airteagal 10(3) de na Rialacháin. Ansin, sonraíonn Airteagal 10(4) de na Rialacháin, go ndéanfar na forais do dhiúltú an iarratais a léirmhíniú ar bhonn sriantach, le haird ar leas an phobail.

Muirir

De bhreis air sin, faoin gcóras RFC, níl aon táille ann is gá a íoc roimh ré agus iarratas á dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh diúltú d’iarratas. Tá sé saor in aisce iniúchadh ó amharc a dhéanamh ar an bhfaisnéis a lorgaítear. Féadfaidh údarás poiblí táille a ghearradh i gcás go gcuireann sé faisnéis ar fáil faoin gcomhshaol, ach is gá d’aon táille mar sin a bheith “réasúnta le haird ar an Treoir”. I gcás go bhfuil sé beartaithe ag údarás poiblí táille a ghearradh, tá sé de dhualgas air liosta a dhéanamh de na táillí in-ghearrtha ar fáil don phobal. Tá ceart achomhairc ann (inmheánach agus seachtrach) ar an bhforas nach bhfuil an táille atá á ghearradh iomarcach.

Cibé scéal é, mar riail ghinearálta, is gá táille de €150 a ghearradh i gcás go bhfuil achomharc á dhéanamh le m’Oifig. Tá táille laghdaithe de €50 i bhfeidhm i ndáil le hachomharc le m’Oifig do shealbhóir cárta leighis, cleithiúnach ar shealbhóir leighis, nó páirtí leasmhar ábhartha. Forálann na Rialacháin, arna leasú, anois gur féidir liom tarscaoileadh a dhéanamh ar chuid den táille achomhairc i gcás go raibh an cinneadh bunaidh míthráthúil.

Raon an chórais RFC

I gcás go bhfuil teorainneacha ann ar raon an chórais RFC, tá réim leathan dá chur i bhfeidhm de bhrí a shainmhínithe fadréimseacha de “fhaisnéis faoin gcomhshaol” agus “d’údarás poiblí”.

Cad is faisnéis faoin gcomhshaol ann?

Sa sainmhíniú ar “fhaisnéis faoin gcomhshaol” sa Treoir agus sna Rialacháin cuimsítear faisnéis “scríofa, físe, fuaime, leictreonach nó aon mhodh ábhartha eile” sna sé chatagóir seo a leanas:

  • riocht na n-eilimintí sa chomhshaol (e.g., aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, bithéagsúlacht),
  • fachtóirí a théann i bhfeidhm ar eilimintí an chomhshaoil (e.g. fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, astaíochtaí),
  • bearta (e.g., polasaithe, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil) agus gníomhaíochtaí a théann i bhfeidhm nó ar dócha a rachaidh i bhfeidhm ar na heilimintí agus na fachtóirí dá dtagraítear thuas chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí arna gceapadh chun na heilimintí sin a chosaint,
  • tuarascálacha ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta faoin gcomhshaol,
  • costéifeachtacht agus anailís eacnamaíochta agus boinn tuisceana arna n-úsáid laistigh de chreat na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear thuas, agus
  • staid na sláinte agus na sábháilteachta daonna, na gcoinníollacha daonna, suíomhanna cultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid go bhfuil siad, nó go bhféadfadh go mbeidís, faoi lé riocht na n-eilimintí sa chomhshaol.

Cad is údarás poiblí ann?

Neamhchosúil le reachtaíocht SF, ní fhorordaíonn na rialacháin liosta d’údaráis indibhidiúla phoiblí atá faoi réir an chórais RFC. Seachas sin, sainíonn na Rialacháin go leathan cad a chiallaíonn an téarma “údaráis phoiblí” –

  • an rialtas nó comhlachtaí poiblí eile (lena n-áirítear comhlachtaí comhairleacha poiblí) ag leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil,
  • aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá i mbun feidhmeanna an riaracháin phoiblí faoin dlí náisiúnta, lena n-áirítear i ndáil leis an gcomhshaol, agus
  • aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil freagrachtaí riaracháin orthu nó feidhmeanna riaracháin acu, nó ag soláthar seirbhísí poiblí, i ndáil leis an gcomhshaol faoi rialú comhlachtaí nó duine arna chuimsiú ag ceachtar den dá chatagóir.

Dearbhaítear sa sainmhíniú ar cad is Rialacháin ann go n-áireofaí roinnt eintiteas éagsúil. Ceanglaíonn na Rialacháin, arna leasú, ar an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil “a chinntiú go bhfuil an liosta táscach d’údaráis phoiblí ar fáil go poiblí i bhformáid leictreonach”. Tá liosta táscach ginearálta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. I gcás go bhfuil díospóid ann cibé acu an bhfuil comhlacht ina údarás poiblí, tá an ceart ag an té atá ag déanamh an iarratais achomharc a dhéanamh le m’Oifig.

Treoir

D’eisigh an tAire treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Cé go gceanglaítear ar údaráis phoiblí aird a bheith acu ar na treoirlínte agus iad ag cur i bhfeidhm a bhfeidhmeanna faoi na Rialacháin, níl na treoirlínte ag airbheartú gur léiriú dlíthiúil iad ar na Rialacháin. Treoir eile maidir le tuiscint a fháil ar an gcóras RFC ná The Aarhus Convention: An Implementation Guide [ECE/CEP/72] (the Aarhus Guide), atá ar fáil ag www.unece.org/fileadmin/DAM/env/pp/acig.

newspaper clippings Irish Times 13-10-2012 Leinster Express 09-05-2012 Leinster Leader 24-07-12 Meath Chronicle 21-01-12